Cuireann Infineco comhairliú straitéise ar fáil ag leibhéal feidhmiúcháin do ghnóthaí atá ag athrú go tógáil inbhuanaithe. Trí úsáid a bhaint as taithí Gerard McCaughey, An Príomhoifigeach Feidhmiúcháin (CEO), i dtaobh tógáil glas san Eoraip, tá cumas ar leith ag an ngnólacht cabhrú le cuideachtaí mórthimpeall na cruinne. Cabhróidh an gnólacht le cuideachtaí glacadh le cleachtais inbhuanaithe ghnó agus brabús a mhéadú, díreach mar atá déanta ag cuideachtaí tógála na hEorpa.
Misean an Chuideachta
Cabhair a thabhairt do chuideachtaí athrú i dtreo na bhfíor-inbhuanaitheachta sa timpeallacht tógtha, chun an cumas atá acu chun brabús a mhéadú agus chun na rioscaí a laghdú.
Seirbhísí a Chuirtear ar Fáil
Tugann Infineco comhairle do chuideachtaí atá ag iarraidh buntáistí iomaíochta san earnáil cleantech a bhaint amach – agus go háirithe cuideachtaí atá ag déanamh a ndíchill chun:
- Caighdeán táirgí a fheabhsú trí úsáid a bhaint as modhanna tógála seachtracha
- Éifeachtacht fuinnimh struchtúr agus a dtáirgí comhpháirte a mhéadú
- Ábhair tógála ghlasa a aimsiú
I measc na mbunsheirbhísí a chuireann Infineco ar fáil chun timpeallacht inbhuanaithe thógtha a chruthú tá:
- Iniúchtaí agus athbhreithnithe straitéiseacha
- Forbairt straitéiseach um rochtain margaidh
- Bealaí dáilte a mhéadú
- Pleanáil agus cur i bhfeidhm tógála seachtraí
- Anailís ar infheistíochtaí féideartha do mhaoiniú caipitil fiontair
- Feidhmeannaigh a bhfuil taithí acu sa tógáil glas a earcú
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas is féidir le Infineco cabhair a thabhairt le go n-éireoidh le do chuideachta go sonrach chun timpeallacht tógtha ghlas a chruthú, téigh i dteagmháil le Gerry McCaughey ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. chun labhairt leis go neamhfhoirmeálta faoi na riachtanais atá agat.